Cath Thuar Mhic Éadaigh - Sheona agus Sara Ní Mháille

Dán a scríobh Mícheál (Curly) Ó hÉanacháin faoi Luíochán Thuar Mhic Éadaigh 1921 curtha le ceol ag Sheona Ní Mháille.

Is féidir na liricí a léamh thíos:

Ar maidin Dé Máirt an chnoc Thuar na bhFód,

Chuala mé an bubhall séidte,

Bhí pudar's grán is piléir go leor,

Á gcaitheamh ar dhroim na sléibhte.

Gan magadh na greann tháinig pian i mo cheann,

'S mo chuid fola ag dul thrí na chéile,

Cur shíleas ar ndó nach mbeadh aon duine beo,

As seo go Tuar Mhic Éadaigh.

Tríd Dhoire Mhór tháinig go leor

D'arm Shéain Bhuí gan fáilte,

Nár bhfearr dhóibh ag ól i Liverpool thall,

Na ar mhullach na sléibhte fagtha,

Dúirt oifigeach mór a bhí dilís don choróin

Nach bhfágfadh sé beo mac máthair

Ach chuaigh pillirí luaidh ina phutóga broghach,

'S ní fhéic fidhear é aris san áit seo.

Tháinig eagla ar mo chroi 's é á tíocht chun mo thí,

Ag iarraidh na dí 's é ag pléascadh,

Ach bhí sean canna stáin amuigh ar an tsráid

'S thug mé deoch do as linn na ngeabha.

D'Agair sé arís go bhfaighfinn rud éigin mín

Le cur ar a chroí mar phlastar

Ach fuair mé canbháis den líon a raibh deilgne thríd,

'S nár dhoiligh dhó an óiche a shárú.

Ar dhroim Raith an Óir bhí an briseadh ba mhó,

Ag caitheamh ar lom an tsléibhe

Ach ag tíocht an trathnóna bhí muidne ag ghnóthachan,

'S na saighdúirí gránna féachta.

Mas Sasanach é nó fear as South Wales,

B'fearr do nach bhfeicfeadh sé an áit seo,

Ní raibh aige le fáil ach pudar 's grán,

Nár chruaidh iad le dhul ina chaoille.

Ar an Leargan lom gan claí gan chaoilicí tom,

Sea chuala mé glaoch an "Sinn Féiner"

"Buailligí go cruaidh 's na failligí an uair

Beidh againne an lá ar aon chor. "

Is gairid gur ghluais na Sasanaigh anuas,

Ag tiomáint go gear ar Éirinn,

'S ar LLoyd George a chur iad anall,

Ag cumhdach poilíos da mb'fhéidir.

Saol fada le séan ag na buachaillí tréan,

A rinne ár gcás a reiteach,

'S a dhibir fir Sheáin as Éire go brách,

Ba surach e a ndí is a mbéasa.

Se an "Volunteer" a chruthaigh go fíor

'S a choinnigh a chuid fear le chéile,

Nár fhágaí sa tír aon bhearic poilíos,

'S dheamhain cleite acu i dTuar Mhic Éadaigh

Previous
Previous

Padraig Feeney Prayer Service & Wreath Laying Ceremony

Next
Next

Family Prayer Service and Wreath Laying Ceremony in memory of Thomas Horan of Srah who died on the 7th March 1921.